Frederick Douglass

Litríocht agus Smaointe

Frederick Douglass in Éirinn

Sclábhaí ab ea Frederick Douglass nuair a saolaíodh é go luath sa 19ú haois, ach tá sé ar dhuine de na daoine is mó a raibh tionchar acu ar ghluaiseacht Mheiriceá chun deireadh a chur leis an sclábhaíocht. Fear é a chuir oideachas ar féin agus a ghníomhaigh ar son cúiseanna éagsúla. D’éalaigh sé as an sclábhaíocht agus d’fhoilsigh sé cuimhní cinn sainitheacha – Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave, a tharraing idir dhroch-cháil agus dea-cháil air ionas gurbh éigean dó imeacht as na Stáit Aontaithe go ceann tamaill.

Tháinig sé go hÉirinn le linn an ama sin, agus chuaigh an tír seo i gcion go mór air. Ba in Éirinn a d’fhoilsigh sé an dara heagrán den Narrative agus a chas sé ar Dhónall Ó Conaill, ceannaire polaitiúil agus óráidí, a raibh ardmheas ag Douglass air. Bhí an-tábhacht leis an am a chaith Douglass in Éirinn, cothrom 175 bliain ó shin. Tá an chuairt sin agus an pháirt a bhí ag Éirinn ina shaol á chomóradh againn i mbliana.

The good Irishman… said to the other that it was a pity so fine a little fellow as myself should be a slave for life. He said it was a shame to hold me.

as Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave, Frederick Douglass, 1845
From Slavery to Freedom

Ón Sclábhaíocht go dtí an tSaoirse

Sclábhaí ab ea Frederick Douglass ón uair a saolaíodh é, agus d’fhás sé suas gan aon bhaint aige lena theaghlach. Cuireadh iachall air, ó bhí sé an-óg, obair chrua a dhéanamh ar phlandálacha agus i longcheártaí i ndeisceart na Stát Aontaithe. D’éalaigh sé agus theith ó thuaidh agus é 20 bliain d’aois.

Frederick Bailey ab ainm do Frederick Douglass nuair a saolaíodh é in 1818 ar phlandáil in Talbot County, Maryland. Ní raibh aon neamhchoitiantacht ag gabháil le hóige Frederick, b’amhlaidh d’an-chuid sclábhaithe i nDeisceart Mheiriceá. Athair geal agus sclábhaí mná na tuismitheoirí a bhí aige. Scaradh é agus a mháthair, Harriet Bailey, agus é an-óg, agus ba í a sheanmháthair a thóg é.

Bhí cíocras léinn sa bhuachaill óg fiú agus é ag obair mar sclábhaí ar phlandálacha agus i longcheártaí. Thuig sé gur trí oideachas a chur air féin a thiocfadh leis éalú, agus chrom sé ar léamh agus scríobh a mhúineadh dó féin go rúnda. Déagóir a bhí ann nuair a thug beirt oibrithe Éireannacha a bhí ag obair sna dugaí leis an misneach dó chun éalú. Ar deireadh, agus é 20 bliain d’aois, theith sé ón sclábhaíocht go Massachusetts.

The Fugitive's Song

I can truly say, I have spent some of the happiest moments of my life since landing in this country… I breathe, and lo! the chattel becomes a man.

Frederick Douglass, 1846
Safe in Old Ireland

Slán Sábháilte in Éirinn

Bhí eagla ar Frederick go ngabhfaí é agus go ndéanfaí sclábhaí de arís agus mar sin sheol sé trasna an Atlantaigh agus tháinig go Baile Átha Cliath ar an 31 Lúnasa 1845. Cé nár bheartaigh Frederick ach tamall ghearr a chaitheamh anseo, chaith sé ceithre mhí ag gabháil timpeall na tíre ag tabhairt léachtaí i mBaile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge, Eochaill, Corcaigh, Luimneach agus Béal Feirste.

Cé gur éirigh le Frederick éalú go dtí an Tuaisceart áit nach raibh an sclábhaíocht ceadaithe, bhí eagla air i gcónaí go ngabhfaí é agus go gcuirfí ar ais chuig a “mháistir” é, go háirithe agus aithne á chur ag daoine air as an Narrative agus as na léachtaí poiblí faoi chealú na sclábhaíochta a thug sé go minic. Mhol a chairde dó tearmann a lorg ar an taobh eile den Atlantach. Sheol Frederick as Bostún go Learphol, agus as sin thaistil sé go Baile Átha Cliath chun casadh ar Richard Webb, a bhí le heagrán Éireannach den Narrative a fhoilsiú i gcomhar leis. Cé nár bheartaigh Frederick ach cúpla lá a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, mheall cairdeas agus teochroí mhuintir na hÉireann é ionas gur chaith sé ceithre mhí anseo san iomlán.

I do not recollect of ever seeing my mother by the light of day.

as Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave, Frederick Douglass, 1845
Abolitionist Literature

Litríocht Chealú na Sclábhaíochta

Cé go raibh neart scríofa faoin gcealú ag scríbhneoirí geala, is ó litríocht a scríobh sclábhaithe saortha nó éalaithe a fuarthas cuntas chéad phearsa ar uafás na sclábhaíochta.

Ba chabhair mhór an litríocht chealú na sclábhaíochta chun meon frithsclábhaíochta a chothú ar dhá thaobh an Atlantaigh. Uirlis chumhachtach sa ghluaiseacht chun deireadh a chur leis an sclábhaíocht ab ea scéalta sclábhaithe a scríobh fir agus mná a fuair a saoirse nó a d’éalaigh. Ní amháin gur thug na scéalta seo cuntas chéad phearsa ar neamhdhaonnacht agus brúidiúlacht na sclábhaíochta – chothaigh siad comhbhá sa léitheoir. Léirigh na ‘hinsintí sclábhaithe’ seo a éirimiúla, a chineálta agus a thuisceanaí a bhí na daoine seo a léiríodh go minic mar dhaoine a bhí “níos ísle”. In éineacht le Narrative Frederick (1845), tá insintí tábhachtacha eile ann ar nós Twelve Years a Slavei> (1853) le Solomon Northrup agus Incidents in the Life of a Slave Girl: Written by Herself (1861) le Harriet Jacobs.

Frederick Douglass Frederick Douglass Frederick Douglass

The poor trampled slave of Carolina had heard the name of the Liberator with joy and hope.

Frederick Douglass, 1845
The Black O'Connell

An Conallach Dubh

Mheas Frederick Douglass gur laoch ab ea Dónall Ó Conaill, an ceannaire polaitiúil Éireannach. Beirt fhear ó chúlraí an-difriúla, a d’úsáid a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus óráidíochta ar mhaithe leis an gcuspóir céanna: fuascailt a muintire.

Níor chaith Frederick mórán ama in Éirinn ach ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tionchar a bhí aige air. Níor chas an bheirt óráidithe ar a chéile ach uair amháin, ach chuaigh siad go mór i gcion ar a chéile. I gceann dá léachtaí i mBaile Átha Cliath, dúirt Frederick: “Chuala an sclábhaí bocht ó Carolina, a bhí basctha agus brúite faoi chois, ainm an Fhuascailteora le háthas agus le dóchas agus chuala sé féin an mian go n-éireodh Conallach gorm éigin i measc a mhuintire agus go gcloisfí an gháir ‘Gríosaigh, gríosaigh, gríosaigh’”.Fir ó chúlraí agus ó chultúir an-difriúla ab ea iad, ach ba ionann an creideamh a bhí acu san fheachtas a bhí idir lámha acu, agus an bua a bhí acu beirt chun daoine a chur ag éisteacht leo.

Téacs Loiscneach

Is iomaí duine a léigh cuimhní cinn Frederick Douglass (1845), leabhar a bhriseadh an croí ionat agus a thabharfadh dóchas duit ag an am céanna, agus a spreagadh chun troid ar son chealú na sclábhaíochta.

Thaistil Frederick go hÉirinn ar dhá chúis: chun éalú ó dhaoine a ghabhfadh é agus a dhéanfadh sclábhaí de athuair, agus chun eagrán Éireannach den Narrative a fhoilsiú i gcomhar le Richard Webb, an daonuasclóir Éireannach agus ball bunaidh den Hibernian Antislavery Association. Rinneadh roinnt athruithe ar an eagrán Éireannach den téacs, an ceann ba thábhachtaí ná an réamhrá a scríobh Frederick féin. Daoine geala a bhí i gcoinne na sclábhaíochta is coitianta a d’fhoilsíodh insintí sclábhaithe. Thug an réamhrá seo guth do Frederick ina scéal féin a bhí ar iarraidh sna heagráin Mheiriceánacha. Bhí tóir chomh mór sin ag muintir na hÉireann ar an Narrative gur chuir Frederick agus Webb dhá eagrán eile i gcló.

Is dírbheathaisnéis é an leabhar, i ndáiríre, ina dtugann Frederick cuntas ar a bhreith, a óige mar sclábhaí, a éalú agus ar thosach a shaol mar óráidí ag impí go gcuirfí deireadh leis an sclábhaíocht. Fiú inniu, tá Narrative Frederick ar cheann de na téacsanna frithsclábhaíochta is minice a léitear. Tugann Frederick cuntas ar an drochíde a d’fhulaing sé agus gan é ach ina gharsún:

“I suffered much from hunger, but much more from cold. In hottest summer and coldest winter, I was kept almost naked – no shoes, no stockings, no jacket, no trousers, nothing on but a coarse tow linen shirt, reaching only to my knees. I had no bed. I must have perished with cold, but that, the coldest nights, I used to steal a bag which was used for carrying corn to the mill. I would crawl into this bag, and there sleep on the cold, damp, clay floor, with my head in and feet out. My feet have been so cracked with the frost, that the pen with which I am writing might be laid in the gashes.”

Sna cuimhní cinn seo, d’fhéach Frederick le hoideachas a chur ar mhuintir Mheiriceá – mórchuid díobh nár thaistil chuig stáit an Deiscirt riamh – faoin saol crua éadrócaireach a bhí ag sclábhaithe. Ba théacs loiscneach do mhórchuid daoine é an Narrative, a ghríosaigh iad le tacú le gluaiseacht chealú na sclábhaíochta.

Frederick Douglass
Frederick Douglass

Oidhreacht an Narrative

Bhí tionchar thar na bearta ag Frederick Douglass ar ghluaiseacht chealú na sclábhaíochta. Ina theannta sin, d’fhág sé oidhreacht mhór daonnúlachais ina dhiaidh sa chaoi ar thacaigh sé le mórchuid feachtas eile a bhí ag iarraidh leasuithe a bhaint amach.

Oidhreacht fhada chasta a d’fhág Frederick Douglass, ceann a dheimhnigh an pháirt thábhachtach a bhí aige i measc daonchairde Mheiriceá. Samhlaítear é le gluaiseacht chealú na sclábhaíochta ach d’oibrigh sé ar son mórchuid feachtas sóisialta eile sa naoú haois déag i Meiriceá – an ghluaiseacht um cheart vótála, staonadh ón ól, cearta na mban agus comhionannas sóisialta. Chaith Frederick Douglass a shaol i mbun stocaireachta ar son grúpaí daoine a bhraith sé a bhí faoi leatrom ag lucht na cumhachta.Thacaigh sé go poiblí le cearta na mban ag Coinbhinsiún Seneca Falls, bhí sé ina chúntóir ag an Uachtarán Lincoln le linn an Chogaidh Chathartha, agus ghlac sé páirt i bhfeachtas chun saoirse Haití a bhaint amach. Cailleadh é i 1891, agus cuireadh é i reilig Mount Hope, Rochester, Nua-Eabhrac.

Narrative Frederick ar cheann de phríomhthéacsanna Mheiriceá faoi chealú na sclábhaíochta. Ar feadh breis is céad bliain, tá an insint seo ag tabhairt inspioráide do leasaitheoirí agus do ghníomhaithe atá ag troid ar son chearta an duine agus leasú cultúrtha i Meiriceá ar mhaithe leo siúd atá brúite faoi chois. Seo iad focail dheireanacha an Narrative:

“Sincerely and earnestly hoping that this little book may do something toward throwing light on the American slave system, and hastening the glad day of deliverance to the millions of my brethren in bonds – faithfully relying upon the power of truth, love, and justice, for success in my humble efforts – and solemnly pledging my self anew to the sacred cause, – I subscribe myself, Frederick Douglass.”

My feet have been so cracked with the frost, that the pen with which I am writing might be laid in the gashes.

as Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave, Frederick Douglass, 1845
Fugitive Song

Teidil Chreidiúna

Cúntóirí CoimeádaíochtaRenée Letz, Stephanie Brennan AistritheoirClare Rowland Taispeántas DigiteachStuart Cusack & Benedict Schlepper-Connolly

Tá buíochas ar leith ag dul doRagnar Almqvist, African American Irish Diaspora Network, Dennis Brownlee, Matthew Cains, Consulate General of Ireland NYC, Department of Foreign Affairs and Trade, Christine Kinealy, Library of Congress, Ciaran Madden, National Library of Ireland, Colette O’Flaherty, Stella O’Leary, Breffni O’Malley, Quinnipiac University, UCD Foundation

ÍomhánnaLibrary of Congress, USA

Credits