Thar Balach Isteach

Peig Sayers agus traidisiúin scéalaíochta na mBlascaodaí

Chruthaithe ag Músaem Litríochta na hÉireann le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, agus i gcomhoiriúnacht leis an gCnuasach Bhéaloideas Éireann.

Barr an Chnoic Oighir

Is mór an meas atá ar litríocht agus scribhneoirí na hÉireann. Ach tá níos mó i gceist le litríocht ná an focal scríofa. Níl ansin ach barr an chnoic oighir. Ar feadh na cianta sara raibh ar chumas daoine léamh agus scríobh, chum siad an iolamaid seanra fhicsin, filíochta, agus drámaí. Níor scríobh siad na nithe seo. D’inis siad iad.

Peig Sayers grianghrafaithe ag Caoimhín Ó Danachair, 1946.

Mhair Peig Sayers (1873-1958) thart faoin an am céanna le James Joyce (1882-1941). A mhacasamhail sin, bhí líofacht teangan as an ghnáth aici, samhlaíocht iontach, agus fuadar cruthaieachta. Bhí scríbhneóireacht (an Bhéarla) aici, ach an bua is mó a bhí aici ná bua na scéalaíochta, ina teanga dhúchais, an Ghaelainn.

Tá clú ar Pheig Sayers de bharr a beatháisnéis, Peig, a Scéal Féin, a foilsíodh ar dtús i 1936 agus a bhí ar churaclam na meanscoile ó 1962 go 1995. Ach ní thugann an leabhar seo léargas iomlán ar Pheig Sayers: an scéalaí ab fhearr i bpobal ina raibh flúirse scéalaithe maithe, ar na m Blascaodái agus i nDún Chaoin. Insíonn an taispeántas seo an scéal mealltach sin.

Na Blascaodaí

Grúpa seacht noileáin atá insna mBlascaodaí, cúig chiloméadar ón gcósta ag bun leithinis Chorca Dhuibhne in iar-deisceart na hÉireann. Ó am go ham bhíodh daoine ina gcónaí ar cúig chinn des na hoileáin. Is beag duine a chónaí ar na hoileáin bheaga, ach bhí daonra cuíosach mór ar an mBlascaod Mór.

Manaigh a chuir futhu ar na hoileáin ar dtús báire, ins na Meán Aoiseanna luath. In dhiaidh sin bhí gnáth daoine ina gcónaí ar na hoileáin go treallach, ó am go chéile. De réir na foinsí, is ó thús an 19ú céad go dtí 1953, nuair a aslonnaíoch an t-oileán, a bhí daonra seasmhach ann. An cuid is mó den am thart faoi 150 a bhí ar na mBlascaodái. I 1953 ní raibh ar an mBlascaod Mór ach scór duine agus níl éinne ina gcónaí air ó shin (ach go sealadach i rith an tsamhraidh.) B’í Gaeilge teanga na mBlascaodái i gcónaí cé gur múineadh Béarla sa scoil ann.

Tá sléibhte órga na hÉireann gan ceo ós mo chomhair. Tá na fharraige á stealladh féin in aghaidh na gcarraigeacha agus ag rith suas i gcumaracha dubha is i gcuasa mar a ndeineann na róinte cónaí.

Peig Sayers Machnamh Seanamhná, 1939

Peig Sayers, Banríon Scéalaithe Éireann

Rugadh Peig Sayers i nDún Chaoin. Is ann a d’fhreastail sí ar scoil, agus mar dhéagóir d’oibrigh sí mar chailín aimsire sa Daingean. Agus í naoi mbliana déag phós sí Pádraig Ó Guithín (‘Peatsaí Flint’) – Blascaodach, iascaire ‘láidir agus aclaí’. Bhog sí isteach go dtí an mBlascaod Mór. Rugadh deichniúr clainne don lánúin, triúr a cailleadh agus iad ina naoineáin. Fuair Peatsaí féin bás i 1923. I 1942, d´fhág Peig agus a mhac Mícheál an Blascaod Mór agus chuireadar futhú i mBaile Viocáire i nDún Chaoin. D’éag sí in Oispidéal Naomh Eilíse, sa Daingean, i 1958.

Bean dathúil ab ea Peig Sayers, ard agus téagartha, le súile glionracha. Duine muinteartha bríomhar ab ea í, agus bí cáil uirthi mar chainteoir líofa soiléir. Bhí cuimhne iontach aici. Bhí ar a laghad 375 scéalta ar eolas aici agus d’inis sí iad go drámatúil, le tuiscint agus paisean. I bpobal ina raibh seanchaithe go smior b’ise banríon na scéalaíochta.

Cearbhuilín de Pheig Sayers ó 1946.
Seo scéal a bhíodh coitianta aige m’athair. Bhíodh sé ag eachtraí air insa gheimhreadh nuair a bhíodh an oíche fada, agus na comharsain ag bothántaíocht. Bhíodh scéal nua éigin nach aon oíche aige.

Peig Sayers ó agallamh le Bo Almqvist, 1957.

Scéalta Peig Sayers

The Soul as Butterfly mar a insíodh ag Nuala Hayes

Scéaltóirí Eile: Tradisiúin na Blascaodaí

Óna hathair, Tomás Sayers, a thug Peig Sayers leithi bua na scéalaíochta. Agus dhein mac Pheig, Mícheál Ó Ghaoithín, mar a dhein sise roimhe. Nuair a phós Peig Sayers isteach san Oileán, thug sí a scéalta leithi.

Bhí raidhse béaloidis ar an mBlascaod Mór, mar a bhí i nDún Chaoin. I measc comharsana Pheig bhí leithídí Tomás Ó Criomthain, Eoghan Ó Súilleabháin, an file Seán Ó Duinlé, agus a lán eile.

Tomás Ó Criomthain
(1855-1937)

Iascaire, sealadóir róin, agus saor chloiche ab ea é. I 1917 chaith Briain Ó Cheallaigh, céimí de chuid Choláiste na Trionóide agus cigire scoile, seal fada ar an mBlascaod agus bhí sé mór le Tomás. Spreag sé é chun sceitsí a scríobh faoina shaol, agus bhronn peann agus pár air. Chrom Tomás ar an scríobh agus sheol sceitsí agus aistí chuig Briain. De réir a chéile d’fhás na leabhair Allagar na hInse (1928) and An t-Oileánach (1929) as na píosaí scríbheoireachta seo.
Tomás Ó Criomthain thart ar 1930 grianghrafaithe ag Thomas H. Mason.
Tomás Ó Criomthain, An tOileánach, Cló Talbot Press, Baile Átha Cliath, eagrán 1973.

Eibhlís Ní Shúilleabháin
(1911-1971)

Thug Londaineach,George Chambers, cuairt ar an mBlascaod Mor in Iúl 1931, agus bhuail le hEibhlís Ní Shúilleabháin agus a deirfiúr, Máire. Nuair a d’fhill sé abhaile, scríobh Eibhís chuige, agus lean an comhfhreagras seo ar aghaidh go dtí na 50í. Insna litreacha, a scríobh sí i mBéarla, chuir sí síos ar a saol ar an oileán agus ina dhiaidh sin i Muiríoch, ar an míntír, áit a bhog sí agus a fear céile, Seán, i 1942. Choimeád Chambers na litreacha agus foilsíodh iad i 1978. Tugann siad léargas maith ar shaol na mban ag an am.
Eibhlís Ní Shúilleabháin
Letters from the Great Blasket, Mercier Press, 1978

Muiris Ó Súilleabháin
(1904-1950)

Rugadh é ar an mBlascaod Mór. Cailleadh a mháthair agus é faoi bhun bliana d’aois, agus cuireadh go dtí an díleachtan sa Daingean é. D’fhill sé ar an oileán in aois a seacht dó. Spreag a mhór- chara, Seoirse Mac Tomáis, scoláire clasacach, é chun a chuimhní cinn a scríobh, rud a dhein tar éis dó na Blascaodaí a fhágaint chun dul ag traenáil mar Gharda Síochána i 1927.
Muiris Ó Súilleabháin agus beirt eile grianghrafaithe ag Thomas Waddicor, 1932.
Céad eagrán Mheiriceánach de Twenty Years A-Growing, The Viking Press, Nua-Eabhrac, 1960.

Mícheál Ó Gaoithín (‘Maidhc File’, ‘An File’)
(1904-1974)

An tseachtú páiste ag Peig Sayers, seachas tréimshe ghairid i Mheirceá c. 1929, chónaigh ‘An File’ ar an mBlascaod Mór go dtí 1942, nuair a bhog sé féin agus a mháthair go Dún Chaoin. Scríobh sé filíocht, úscéalta, agus cuimhní cinn, agus is eisean a thóg síos beatha-áisneís a mháthair óna deachtú – bhí scríobh na Gaeilge aige, rud nach raibh aici-se. Ach maraon lei, ba scéalaí den scoth é le stór mór scéalta. Thar Blascaodach ar bith eile is uaigh sin atá an bailiúchain is mó scéalta, seanchais agus litríochta againn.
Mícheál Ó Gaoithín grianghrafaithe ag Bo Almqvist, 1966.
An chéad fhoilseachán den saothar ealaíne ó Mhícheál Ó Gaoithín: An File Mícheál Ó Gaoithín, Lilliput Press, 2022.

Máire Ní Ghuíthín (‘Máire Mhaidhc Léan’)
(1909-1988)

Iníon le Máire Ní Chatháin, ise a bhaist John Millington Synge an ‘banóstach beag’ uirthi, agus é ar an mBlascaod Mór i 1905. Bhog Máire Ní Ghuíthín go dtí Dún Chaoin agus bhí ard-mheas uirthi mar bhean a’ tí. D’fhan ana chuid scoláirí agus cuairteoirí ina teach. D’fhoilsigh sí dhá leabhar, An t-Oileán a Bhí (1978) agus Bean an Oileáin (1986). Cuireann an tarna ceann síos ar saol na mban ar an mBlascaod Mór.
Máire Ní Ghuíthín
An tOileán a Bhí, An Clóchomhar TTA, Baile Átha Cliath, 1978

Pádraig Ó Maoileoin
(1913-2002)

Úrscéalaí, file, aistritheoir, eagathóir, agus foclóirí, rugadh i nDún Chaoin é – sa pharóiste trasna Bealach an mBlascaoid, a roinneann a bhéaloideas agus a chultúr leis an Oileán. Foilsíodh an céad úrscéal le Ó Maoileoin, Bríde Bhán, i 1968. Breathnaíear air mar dhuine de mhór scríbhneoirí na Gaeilge.

D’fhág sé Dún Chaoin agus é ina dhéagóir. Léiríonn a ghníomhréim an nasc idir an tseana chultúir bhéil agus an litríocht comhaimsearach. Ar aon dul le Muiris Ó Súilleabháin, d’fhág sé Gaeltacht Chiarraí, d’imigh go mBaile Atha Chliath, agus chrom ar an scríbhneoireacht.
Pádraig Ó Maoileoin
Bríde Bhán, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath, 1968
Maxim Gorky showed Tomás that a fisherman could write a book as well as a man of learning.

Briain Ó Ceallaigh, introduction to Tomás Ó Criomthain’s Allagar na hInse

Ealaíon agus Áit
A Place and Its Art

What did it mean to live on the Blasket Islands at the turn of the nineteenth and twentieth centuries? A lot of hard work – planting and harvesting potatoes and hay, cutting turf, gathering seaweed and shellfish. Dangerous work, in the naomhógs (small wooden boats), fishing and hunting seals. Isolation, especially for the women, who did not row and were largely confined to the island.

The scenery affected mood and life, especially in that it attracted tourists. The scholars who came to collect were happy to be pursuing their calling in a beautiful place. And it was the very isolation of the Blaskets – and of all the Gaeltacht areas – which preserved the Irish language and culture long after it had diluted or disappeared in less remote places.

Peig Sayers, the Queen of Storytellers, was in the right place at the right time – the scenic Kerry Gaeltacht, at a moment when her language and skills, her stories, were esteemed at home and abroad.
View of An Blascaod Mór, taken from a naomhóg by Carl Wilhelm von Sydow. c. 1925
Peig Spinning by Mícheál Ó Gaoithín
Gan páipéar, gan leabharlann, gan ardscoil ach an léann nádúrtha a fhágann comhartha ar a n-aigne ó bheith síoraí i gcaidreamh leis an nádúir, le háilleacht mhíthróchreach an domhain.

An Seabhac, réamhrá do Allagar na hInse.

Na Bailitheoirí agus na Scoláirí
Collectors and Collecting

The Blasket Islands, and the mainland Gaeltacht areas of Corca Dhuibhne, had a vibrant oral culture – folktales, legends, customs and beliefs, songs and poetry flourished in the area for centuries. From the turn of the twentieth century, the Blasket and surrounding areas became something of a mecca for collectors, linguists and scholars. The interaction of islanders with visitors from many parts of the world heightened their own awareness of the value of their language and culture. Indeed, it is questionable if the ‘Blasket Island Library’ – over twenty books by various islanders – would ever have come about had it not been for the influence of the outsiders.

The collectors also encouraged the continuance of the oral storytellers. Peig Sayers, for example, certainly enjoyed the appreciative audience of scholars from England, France, Sweden and elsewhere, and the local fame which their attention earned for her.

Robin Flower
(1881-1946)

Bhí Robin Flower, ‘Bláithín’ mar a thugadar air, ina choimeadaí cúnta i rannóg na lámhscríbhinní i Mhuseam na Breataine Mhóire. Tháinig sé go dtí na Blascaodái chun Gaeilge a fhoghlaim mar bhí sé i mbun clárú lámscríbhinní Gaelacha sa mhuseum. In 1910 a thug sé a chéad thuras agus ba cuairteoir rialta é ina dhiadh sin. Bhí ana ghrá aige don Bhlascaod agus is ann a chaith sé mí na meala fiú, lena bhean céile Ida, ealaíontóir. Bhailigh sé a lán scéalta ó Pheig Sayers agus b’eisean an céad duine a dhein í a thaifeadú ar edifón.
Robin Flower agus Tomás Ó Criomhthain

Seosamh Ó Dálaigh
(1909-1992)

Gan dabht b’é an bailitheoir is tábhachtaí a d’oibrigh le Peig Sayers Seosamh Ó Dálaigh. Múinteoir scoile as Dún Chaoin, bhí sé ina bhailitheoir lánaimseartha do Choimisiúin Bhéaloideas Éireann ó 1939-1951. Nuair a bhog Peig Sayers go dtí Dún Chaoin i 1942 thosaigh sé ag bailiú uaithi. Thug sé 275 cuairt uirthi ar fad agus is uaigh a fuaireamar an bailiúcháin is mó dá béaloideas, idir scéalta, seanchas agus ábhar eile.
Seosamh Ó Dálaigh recording from Máire and Cáit Ruiséal in Dún Chaoin

Carl Wilhelm von Sydow
(1878-1952)

Duine de ard scoláirí domhanda an mbéaloidis, ba Ollamh le Béaloideas in Ollscoil Lund na Sualainne é. Bhí an tuiscint a bhí aige ar bhéaloideas na hÉireann mar chuid gnuasachtach do stair chultúir na hEorpa fíor thabhactach d’fhorbairt chaomhnú agus taighde ar an mbéaloideas sa tír seo.

I 1920 chaith von Sydow tréimhse i mBaile an Fheirtéarigh agus ar an mBlascaod Mór ag foghlaim Ghaeilge. Is eisean a thóg an céad ghrianghraf riomh de Pheig Sayers. Mac leis Max von Sydow, an t- aisteoir agus réalt scannáin.
Carl Wilhelm von Sydow (lár) le Seán Ó Súilleabháin agus Séamus Ó Duilearga i gCearnóg Kenilworth, Baile Átha Cliath, 1949

Carl Marstrander
(1883-1965)

I 1907 chaith an scoláire Ceilteach ón Iorua, Carl Marstrander, cúig mhí ar an mBlascaod ag foghlaim Gaeilge. Bhí sé brea sásta ag deireadh an tréimhse sin mar bhí an teanga ar a thoil aige, cé nach raibh focal aige nuair a tháinig sé.

Ní hamháin gurbh scoláire ábalta é, ba aclaí maith é freisin. Toghadh é do fhoireann Oilimpeach an Iorua i 1907 mar léimí chuaile, ach rognaigh sé dul go dtí an Blascaod in ionad dul go dtí na cluichí Londan! Deirear gur léim sé thar teach Uí Chriomhthain ag úsáid maide ráimhe mar chuaille.
Carl Marstrander, c. 1933
Cárta poist ó Carl Marstrander go Dubhghlas de hÍde, 1918

Kenneth Jackson (1909-1991)

Agus é ina mhacléinn in Ollscoil Cambridge thug Jackson cuairt ar an mBlascaod i 1932 agus ina dhiaidh sin gach aon bhliain go dtí 1937. Bhailigh (agus d’fhoilsigh) bailiúchán mór ó Pheig Sayers. Ar dtús ní raibh Gaeilge aige ach bhreac sé síos na scéalta ag baint úsáid as an script foghraíochta indirnáisiúnta. Nach mór an iontas a bhí ar Pheig nuair a léigh sé a scéalt ar ais di, focal ar fhocal mar a d’inis sí é, agus an foghraíocht go foirfe aige cé nár thuig sé focal a bhí ráite aici!
Kenneth Jackson agus Peig Sayers

Marie-Louise Sjoestedt (1900-1940)

Ba teangeolaí agus scoláire den scoth ‘Máire Francach’. Cuireadh deireadh lena gníomhréim go tragóideach nuair a cailleadh í i 1940. Thug sí cuairt ar an mBlascaod Mór cúpla uair insna 30í. Bhí ana chionn ag na hoileanaigh uirthi, go háirithe na cailíní mar thug sí brontannaisí deasa dóibh. Bhailigh agus d’fhoilsigh roinnt scéalta ó Pheig, ina measc leagan de ‘Chóitín Luachra’ (Cinderella). (Bailíodh cúig leagan den scéal idirnáisiúnta cáiliúl seo ó Pheig.)
Marie-Louise Sjoestedt

Heinrich Wagner (1923-1988)

I 1946 chaith Wagner, macléinn le teangeolaíocht ón Eilbhéis, cúig mhí i nDún Chaoin. Thóg sé roinnt mhaith scéalta ó Pheig Sayers, ag baint úsáid as an script foghraíochta. Foilsíodh iad i Oral Literature in Dunquin (1983). Bhí Wagner ina Ollamh le Teangeolaíocht agus Léann Ceilteach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirsde (1958-79) agus ina dhiaidh sin i Scoil an Ard Léinn i mBaile Atha Cliath.
Heinrich Wagner i dTír Eoghain, 1960

Seán Ó Súilleabháin (1903–1996)

Tar éis do Sheán Ó Súilleabháin a bheith ceaptha ina Chartlannaí ar Choimisiún Béaloideasa Éireann i 1935, thaistil sé go dtí an Landsmålsarkivet (An Chartlann Canúintí agus Béaloidis) ag Uppsala, an tSualainn. Rinne sé staidéar ar chóras aicmithe na cartlainne ar feadh trí mhí chun córas den chineál céanna a bhunú in Éirinn.

Gheofar breac-chuntas sna nótaí seo na ceannteidil agus na fo-theidil atá beartaithe do chóras catalóg cártaí ábhar-bhunaithe an Choimisiúin, agus comhfhreagraíonn siad don raon topaicí in A Handbook of Irish Folklore (1942).
Seán Ó Súilleabháin

Scoláirí Agus Eagarthóirí Pheig Sayers

Bhíodh scoláirí Choimisiúin Bhéaloideas Éireann, mar shampla Seán Ó Súilleabháin, Caoimhín Ó Danachair, Bríd Mahon, ag bailiú agus ag obair ar bhéaloideas Pheig. Mhol Máire Ní Chinnéide di a beatháisnéis, Peig, a Scéal Féin, a scríobh agus is ise a dhein eagarthóireacht air sarar foilsíodh é.

Cé go bhfuil cáil (agus droch-cháil) ar an leabhar, Peig, is mar scéalaí béil seachas scríbhneoir a bhí buanna iontacha aici.Ar na saineolaithe is mó le rá ar Pheig Sayers agus a scéalta, bhí Almqvist, Dáithí Ó hÓgáin, agus Pádraig Ó Héalaí.
Peig Sayers photographed by Thomas Waddicor, 1932

Bo Almqvist
(1931-2013)

Scoláire le Béaloideas ón tSualainn ab ea Almqvist, a d’aithin an tábhacht atá ag béaloideas na hÉireann sa chomhthéacs idirnáisiúnta. Tháingi sé go Dún Chaoin i 1957 chun Gaeilge a fhoghlaim. Bhuail sé le Peig Sayers, san ospidéal, agus lena mhac Mícheál. Bhailigh sé na céadta scéal ó Mhíchéal Ó Gaoithín idir 1966-74. Lena chara agus comhleacaí Dáithí Ó hÓgáin thrascríobh agus d’eagar na scéalta sin. Dhein sé na scéalta ar fad a bailíodh ó Pheig a chlóscríobh agus a chuir in eagar freisin, agus scríobh a lán ailt fuithi, chomh maith le dhá leabhar. Bhí sé Ollamh le Béaloideas Éireann i UCD 1972-1996.
Bo Almqvist

Pádraig Ó Héalaí (1941– )

Rugadh é i bFeothanach, i gCorca Dhuibhne. Bí Nóra Ní Sheaghdha, úrscéalaí, a bhí ina múinteoir ar an mBlascaod Mór 1927-1934, a mháthair. Scoláire béaloidis a bhí ina léachtóir i gColáiste Phádraig, Má Nuad agus Ollscoil na Gaillimhe, b’é an céad macléinn dochtúireachta ag Bo Almqvist agus mór chara leis. D’eagraigh siad dhá chnuasach de scéalta Pheig in aonacht. 
Pádraig Ó Héalái

Dáithí Ó hÓgáin
(1949-2011)

Léachtóir agus ollamh le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile, ba file, úrscéalaí agus ard scoláire é. D’fhoilsigh sé tríocha leabhar nó tuileadh, ina measc An File (1982), The Hero in Irish Folk History (1985), agus The Lore of Ireland: an Encyclopaedia of Myth, Legend and Romance (2006). Gaeilgeoir den scoth ab ea é agus chomh-oibrigh sé le Bo Almqvist ag trascríobh agus eagrú scéalta Pheig Sayers agus Mhichíl Ó Gaoithín.
Dáithí Ó hÓgáin

Coimisiún Bhéaloideas Éireann

I 1935 d’eirigh le Séamas Ó Duilearga, scoláire éirimiúl as Chondae Aontroma, (‘Athair Bhéaloideas Éireann’) , cur ina luí ar na húdarásaí Coimisiún Bhéaloideas Éireann a bhunadh. Le maoiniú ón stát, phostaigh an eagraíocht seo ? bailitheoir lán aimseartha. Bhí cartlann ag an gCoimisúin in 84 Faiche Stiabhna i mBaile Atha Cliath áit a coimeadach an béaloideas a bailíodh ar fud na tíre.

Fuair na bailitheoirí traeneáil conas bealoideas a bhailiú le thaifeadáin fuaime meicniúil, agus é a thrascríobh go cruinn focal ar fhocal mar a d’inis an seanchaí é.

Bhailigh breis agus dosaen duine, as leathdhosaen náisiúntachtaí éagsúla, scéalta ó Pheig Sayers. Ina measc tá Máire Ní Ghuithín, Máire Nic Gearailt, Máire Ní Chinnéide, Cormac Ó Cadlaigh, Coslet Ó Cuinn, Pádraig Ó Braonáin, agus eile. Tugtar eolas duit ar rogha de na bailitheoirí anseo.

I realised that the old house was on fire. It was about time some of the furniture was taken out before the whole thing went up.

Séamus Ó Duilearga, 1974

Cartlann de Shamhlaíocht na nGael

Comharba ar Coimisiún Bhéaloideas Éireann agus Roinn Bhéaloideas Éireann is ea Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá mar aidhm aige béaloideas a mhúineadh, taighde ar an mbéaloideas a chothú, béaloideas na hEireann a bhailiú agus a chaomhnú, agus an cartlann náisiúnta béaloidis a chothú agus a chur ar fáil don phobal.

Cartlann fisiciúil is ea é, ina bhfuil lámhscríbhiní, taifeadaí, grianghraif, leabhair, pictiúir agus eile. Cartlann digiiteach is ea é freisin, go háirithe ar an suíomh Dúchas.ie. Tá an bunchnuasach, Cartlann Chomisiúin Bhéaloideas Éireann 1935-72, inscríofa i gClár Chuimhne an Domhain de chuid UNESCO.

Athraíonn béaloideas, agus bailiú agus taighde air, le himeacht ama. Go dtí na 60í bhí béim ar bhailiú na seana scéalta agus seanchas, insan Gaeltacht go háirithe. Insna 70í, bailíodh a lán béaloideas insan chathair – cluichí sráide, finscéalta nua aimseartha, cuimhní cinn na cathrach. Faoi láthair ar na tograí atá ar bun tá an Cnuasach ag bailiu seanchas ón bpobal Protastúnach, ´faoin gCogadh Cathardha, agus ag déanamh scannáin faoi Thobar Phádraig i gCluain Dolcáin.

Breathnaigh istigh i gCnuasach Bhéaloideas Éireann

Cad tá i ndán don Scéalaíocht Amach Anseo?

B´é an scéalaíocht an caitheamh aimsire is tábachtaí a bhí ag muintir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain sarar raibh leabhair, drámaí, gan trácht ar theilifís, ar fáil. Bhí na céadta agus mílte scéalta á scaipeadh, den uile shaghas agus seánra. Formhór na scéalta móra iontais a insíodh in Éirinn, scéalta idirnáisiúnta ab ea iad, a scaipeadh ó bhéal go béal ar fud na hEorpa agus uaireannta ar fud an domhain.

Na laethannta seo níl daoine ag suí cois tine oiche Domhnaigh ag éisteacht leis na scéalta a bhíodh á insint ag Peig Sayers – ach mar sin féin is oíche breá fós e an Domhnach do dhrámaí teilifíse. An bhfuil aon áit ann, áfach, don scéalaíocht traidisiúnta? Tá. Ó na 1980í tá athbheochan aithris bhéil ann in Éirinn agus i dtíortha eile agus a lán scéalaithe den scoth againn. 
Nuala Hayes
Jack Lynch
We tell ourselves stories in order to live.

Joan Didion

Credits
Creidiúintí

Do Chnuasach Bhéaloideas Éireann 

Stiúrthóir Oidhreacht Chultúrtha Katherine McSharry
Cartlannaí Jonny Dillon
Teicneoir Fuaime Simon O'Leary
Riarthóir Ailbe van der Heide

Do MoLI

Téacs an Taispeántais Dr Éilis Ní Dhuibhne Almqvist
Cúntóir Léiriúcháin an IRC agus Taighdeoir Iardhochtúireachta Dr Katie Mishler
Treo Cruthaitheach Simon O’Connor & Benedict Schlepper-Connolly
Léiritheoir Digiteach Ian Dunphy
Taifeadóirí Fuaime Anthony Nolan & Benedict Schlepper-Connolly
Dearadh Fuaime Ian Dunphy
Ceamaraí Néstor Romero Clemente, Luke Brabazon

Eagarthóireacht Físeán Néstor Romero Clemente
Dearadh Taispeántas Digiteach David Donohoe
Forbróir Stuart Cusack

Fuaimrian le caoinchead National Folklore Collection

Íomhánna le caoinchead Alamy, Duchas.ie, National Folklore Collection, New Island Books, Benedict Schlepper-Connolly, UCD Digital Library 

Translation Dr Éilis Ní Dhuibhne Almqvist & Clare Rowland



Ár mBuíochas le P.J. Barron, Anne Brady, Leila Budd, Matthew Cains, Joe Collins, Sandra Collins, Peter Coulahan, Gary Coyle, Rita Duffy, Evelyn Flanagan, Caoimhe Fox, Geoffrey Keating, Professor Margaret Kelleher, Richael Leahy, Susie Lopez, Oisín Mac Giolla Bhríde, Katherine McSharry, Professor Gerardine Meaney, Brock Montgomery and Claire de Haas, National Library of Ireland, Lorcán Ó Cinnéide, Caoimhghin Ó Fraithile, Dr Padraic Ó Healaí, Gráinne O’Kelly, Maria Simonds-Gooding and Tom Simonds-Gooding.

Chruthaithe ag Músaem Litríochta na hÉireann le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, agus i gcomhoiriúnacht leis an gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
/