Mar gheall ar an tionscadal

Is tionscadal taighde comhoibríoch bunaithe ar chleachtas é ‘Don’t Anticipate the End’ (‘Ná Déan an Chríoch a Thuar’) arna mhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ag an gComhairle Ealaíon, idir an taighdeoir acadúil an Dr Zosia Kuczyńska, an rinceoir-córagrafaí Jessie Keenan, agus an déantóir taibhithe Robbie Blake. 

Dírítear ar phróiseas cruthaitheach an drámadóra Éireannaigh Brian Friel mar a nochtadh é ina chartlanna liteartha i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, le fiafraí  an féidir le bealaí oibre ealaíontóra amháin bealaí nua déanta ealaíne a ghiniúint do chleachtóirí comhaimseartha trí leas a bhaint as ábhar cartlainne. 

Ar an mbealach seo, féachtar le mórthionscadal oidhreachta cruthaithí a chur sa siúl agus bonn a chur, ag an am céanna, faoi thionscadail eile cartlainne amach anseo ina bhféachfar le léargas a fháil ar eolas cultúrtha agus é a chur in iúl leis an gcorp.   

Tar éis tréimhse trí bliana, paindéim agus mórchuid athruithe eile, tá dhá scannán bunaidh ann a bhuíochas don tionscadal, agus tá tús cirtha le cleachtais chruthaitheacha agus scoláireachta a spreagadh i measc cheannairí an tionscadail, agus tá cartlann shaibhir den obair sin á tiomsú cheana féin. 

Cruthaíonn an taispeántas seo spás chun teagmháil a dhéanamh leis an gcartlann sin, ionas gur féidir le húsáideoirí iniúchadh a dhéanamh ar na naisc idir próiseas scríbhneoireachta suimiúil Friel féin agus na trialacha comhaimseartha sa rince agus sa taibhiú a spreagadh dá bharr.

Creidiúintí

Léiritheoir an Dr Zosia Kuczyńska

Rinceoir-Córagrafaí Jessie Keenan

Déantóir Taibhithe Robbie Blake

Treoir Chruthaitheach Benedict Schlepper-Connolly

Léiritheoir Digiteach Ian Dunphy

Forbróir Stuart Cusack

Focail bhuíochais Eastát Brian Friel; Katherine McSharry, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; Bobbie Hanvey Photographic Archives, Coláiste Bhostún; Simon Blakey & Peter Kandunias, The Agency.

Déantar íomhánna de Pháipéir Brian Friel, atá á gcoimeád ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a atáirgeadh le caoinchead Eastát Brian Friel. 

bf_logos_black_extra_220902a.png

Don’t Anticipate the Ending was funded by the Arts Council of Ireland, Irish Research Council, Cavan Arts and Dublin City Council and was co-produced by the MoLI, Smock Alley Theatre and Tonnta. Research was supported by Dance Ireland, Humanities Institute (University College Dublin), the National Library of Ireland and the Brian Friel Estate. MoLI's digital programming is supported by Ebow, the digital agency.

bf_logos_220902a.png
/
Don't anticipate the ending Teagmháil Chruthaitheach le Páipéir Brian Friel

Is cartlann de chartlann é an taispeántas seo; agus dála gach cartlann mhaith, níl aon bhealach ceart chun é a léamh. Lean ort ag cliceáil ar na rudaí a gcuireann tú spéis iontu, agus ná bíodh imní ort má théann tú amú rud beag ar an mbealach. Más mian leat do bhealach ar ais a aimsiú, seiceáil an t-innéacs sa roghchlár. 

Arna chur i láthair i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

bf_logos_220902a.png

Presented in partnership with the National Library of Ireland