Na healaíontóirí

Lucia Kickham (taibheoir)

Is ealaíontóir rince í Lucia Kickham, a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, agus atá ag obair go hidirnáisiúnta ina haonar agus i gcomhar le healaíontóirí eile ó bhí  2011 ann. Fuair sí a cuid oiliúna san Ísiltír agus i measc na gcuideachtaí agus na n-ealaíontóirí ar oibrigh sí leo tá Liz Roche Company, Philip Connaughton, Junk Ensemble, Jessie Keenan + Tonnta, Maria Nilsson Waller, Mary Wycherly, TRASH(NL) agus Oonagh Kearney.

Rinne sí diantraenáil le David Zambrano i dteicnící Flying Low and Passing Through, as ar chuir sí spéis i ngrúpdhinimic i dthimpeallachtaí ina bhfuiltear ag tobchumadh, ag cumadh agus ag múineadh.

Ba í Lucia Ealaíontóir HATCH de chuid Rince Éireann 2018, ba Ealaíontóir Comhlach í le Liz Roche Company 2018/2021 agus in 2020 bronnadh Dámhachtain don Chéad Ghlúin Eile de chuid na Comhairle Ealaíon uirthi. Cuireadh a saothar deireanach INIT: The Warm Up Project ar staitse i bhFéilte Bhaile Átha Cliath agus Fringe. Bronnadh Dámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon ar Lucia trí Liz Roche Company chun taighde a dhéanamh ar Middle End Beginning, saothar ina ndéantar iniúchadh ar dhearcthaí athraitheacha i leith déanamh rince, arna chur i láthair ag Modes of Capture Symposium 2021.

Marion Cronin (taibheoir) 

Is ealaíontóir í Marion Cronin atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá céim BA Onóracha aici sa Rince Comhaimseartha ó Scoil Rince Comhaimseartha na hAlban. Ó bhain sí céim amach in 2012, tá camchuairt déanta aici go forleathan ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta. D’oibrigh sí le córagrafaithe agus cuideachtaí lena n-áirítear Laura Murphy, Rob Heaslip, Tamsyn Russell, Jessie Keenan, Junk Ensemble, Lucia Kickham agus Theatre Lovett. Ar a camchuairt idirnáisiúnta thug sí cuairt ar Fhéile Ealaíon Grahamstown, an Afraic Theas; Agitart, Figueres, an Spáinn; Féile Rince Comhaimseartha Ramalla, an Phalaistín; agus Tanzmesse, Dusseldorf.

Tá Marion ag damhsa le córagrafaithe éagsúla agus í ag forbairt a cleachtais ealaíne féin ag an am céanna. Is é an rud a spreagann agus a thiomáineann a cleachtas rince ná a comhoibriú le healaíontóirí eile: le hamharcealaíontóirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí fuaime agus déantóirí scannán. Tá spéis mhór aici freisin sa tobchumadh rince and sna healaíona sráide, a bhfuil tionchar acu ar a cleachtas agus a chuireann bonn faoi. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena cuid ealaíne.

Michelle O’Rourke (taibheoir)

Is amhránaí í Michelle O’Rourke, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá fuaim agus eispriseachas nádúrtha aici, mar aon leis an gcumas teicniúil chun saothair a léiriú ar shlí dhinimiciúil nach bhfeictear ach go hannamh. Cumascann Michelle a cúlra sa cheol Barócach le eicléicteachas fiontrach agus spéis in obair idirdhisciplíneach.

Tá Michelle díograiseach faoi cheol gutha nua a choimisiúnú agus a léiriú. Tá sí tar éis dul i gcomhar go dlúth le mórchuid cumadóirí, lena n-áirítear: Ann Cleare, Andrew Hamilton, Simon O’Connor, Karen Power, Benedict Schlepper-Connolly agus Garrett Shholdice. I measc na n-eisiúintí suntasacha tá Andrew Hamilton: Music for People (NMC) agus Left Behind: Songs of the 1916 Widows (Ergodos).

Cuireann Michelle an-spéis sna féidearthachtaí gan teorainn a shamhlaítear le guth an duine; an pháirt lárnach a bhí ag amhránaithe i léirithe deasghnácha leis na céadta bliain, agus an tslí a bhfuilimid mar amhránaithe ag déanamh síorathrú ar ról léirmhínitheach agus taibhithe an ghutha. 

Bláthnaid Conroy Murphy (taibheoir) 

Is amhránaí, pianódóir, taibheoir, stiúrthóir córúil, cumadóir, cóiritheoir agus ilionstraimí í Bláthnaid Conroy Murphy a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Rinne sí céim sa cheol in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus bhain B.Mus amach in 2009. 

Sa bhliain 2010, d’imigh Bláthnaid go dtí an Astráil chun páirt a ghlacadh sa seó ‘The Wiggles’, áit a ndearna sí rince, amhránaíocht agus seinm ar fud na mór-roinne agus an domhain mhóir. Fad a bhí sí fostaithe in The Wiggles, chaith sí go leor ama ag taifeadadh sa stiúideo i gCeanncheathrú Wiggle. Tá Bláthnaid le feiceáil mar ealaíontóir taifeadta ar go leor dá n-albam agus tá creidiúint ag dul di mar chumadóir/eagraí ar go leor Amhrán de chuid Wiggles.  

Ó d’fhill sí ar Éirinn in 2013, tá obair déanta ag Bláthnaid ar go leor tionscadal: Tonnta, ensembÉal, Cór Aireagail Lassus, an t-amhránaí Hilary Bow, an cumadóir Roger Doyle, Dublin Studio Hub, Solas Choir, Inhouse Voices, HCK Alumni Choir, chomh maith lena cóireálacha agus a cumadóireacht ceoil féin agus déanann sí garraíodóireacht ina cuid ama saoir.

Sarah Ryan 

Is ealaíontóir rince í Sarah Ryan atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath, Éire. Le 9 mbliana anuas tá sí ag obair mar thaibheoir gairmiúil agus mar éascaitheoir do raon leathan córagrafaithe, stiúrthóirí, cuideachtaí agus ealaíontóirí in go leor seánraí ealaíne. Ina measc sin bhí Irish Modern Dance Theatre, Laura Murphy, Philip Connaughton, Áine Stapleton, Junk Ensemble, Opera Theatre Company, John O’Brien, Pan Pan Theatre Company, Mary Wycherley agus Selma Daniel.  

Tá Sarah an-díograiseach faoi obair idirdhisciplíneach. Baineann sí taitneamh as an dúshlán, an fás agus an saibhreas a ghabhann le dearcthaí éagsúla inspioráide agus ceardaíochta.

Jessie Keenan 

Is córagrafaí Éireannach í Jessie Keenan a bhaineann leas as an eolaíocht, an amharcealaín, an ailtireacht agus ábhar na gcartlann ina cuid saothair. Cuireann sí spéis i naisc idirdhisciplíneacha thar aon ní eile. Cruthaíonn Keenan córagrafaíocht chasta a bhfuil tuiscint aeistéitiúil amhairc agus ailtireachta ag gabháil léi.

Tionscadail chóragrafaíochta roghnaithe: Fragments, Dublin Fringe Festival 2018 (a ainmníodh don Dearadh is Fearr), British Neuroscience Association Festival 2019; Low Lying, Dublin Fringe Festival 2016; Her Supreme Hour, Embodied 2016, arna choimisiúnú ag Féile Rince Bhaile Átha Cliath/Coimisiún Ealaíne Poiblí um Fhinné Staire Phríomhoifig an Phoist. Fuair ​​Keenan Dámhachtain don Chéad Ghlúin Eile de chuid Chomhairle Ealaíon na hÉireann. 

In 2019 thosaigh sí ag comhoibriú leis an taighdeoir acadúil an Dr. Zosia Kuczyńska agus an cumadóir Robbie Blake ar Don’t Anticipate The Ending (Ná Déan an Chríoch a Thuar), as ar tháinig taispeántas digiteach agus dhá ghearrscannán a comhléiríodh le Músaem na Litríochta, Éire (2021).

In 2020/21 chruthaigh Keenan roinnt gearrscannáin: Submerged (arna choimisiúnú ag Ealaíona an Chabháin d’Oíche Chultúir 2020), Fragments (scannán) (arna choimisiúnú ag Ealaíona an Chabháin), So What Is Surfacing (rince aonair) (Rinceoir ón bhFéile Rince 2021).  

Zosia Kuczyńska (coimeádaí/taighdeoir/drámadóir) 

Is acadóir agus file í Zosia Kuczyńska, a chuireann spéis ar leith i gcartlann liteartha an drámadóra Brian Friel. Rinne sí PhD ar ‘Time and Space in the Plays of Brian Friel’ in 2016 i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a raibh sí ina Scoláire Taighde Iarchéime de chuid Rialtas na hÉireann.

In 2018, bronnadh Comhaltacht Taighde Iardhochtúireachta Rialtas na hÉireann ar Zosia faoi mheantóireacht Emilie Pine sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, san Institiúid Daonnachtaí. Sa cháil seo, tá buntaighde idirdhisciplíneach déanta ag Zosia ar Pháipéir Brian Friel ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá monagraf de chuid Brian Friel, Models of Influence, faoi chonradh le Palgrave Macmillan.

Scríobh Zosia dhá phaimfléad filíochta le The Emma Press: Pisanki (2017) agus With others in your absence (2021). Tá a saothar le feiceáil in The White Review, Poetry Ireland Review, agus The Tangerine. Tá obair rialta déanta aici le Tonnta.

bf_logos_220902a.png
/
Don't anticipate the ending Teagmháil Chruthaitheach le Páipéir Brian Friel

Is cartlann de chartlann é an taispeántas seo; agus dála gach cartlann mhaith, níl aon bhealach ceart chun é a léamh. Lean ort ag cliceáil ar na rudaí a gcuireann tú spéis iontu, agus ná bíodh imní ort má théann tú amú rud beag ar an mbealach. Más mian leat do bhealach ar ais a aimsiú, seiceáil an t-innéacs sa roghchlár. 

Arna chur i láthair i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

bf_logos_220902a.png

Presented in partnership with the National Library of Ireland