Brian Friel (9 Eanáir 1929 – 2 Deireadh Fómhair 2015)

Is í tuairim na coitiantachta go bhfuil Brian Friel ar dhuine de na drámadóirí is fearr riamh in Éirinn, fear a scríobh os cionn 30 dráma in imeacht seasca bliain. Bhí sé ina bhall d’Aosdána, de chumann na n-ealaíontóirí Éireannacha, d’Acadamh Ealaíon agus na Litreacha Mheiriceá, d’Acadamh Litreacha na hÉireann, agus de Chumann Ríoga na Litríochta áit ar deineadh Compánach Litríochta de. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Bonn Ulysses air. 

I measc na ndrámaí tá Hedda Gabler (i stíl Ibsen), The Home Place, Performances, Three Plays After (Afterplay, The Bear, The Yalta Game), Uncle Vanya (i stíl Chekhov), Give Me Your Answer Do!, Molly Sweeney (Winner of the New York Drama Critics Circle Award for Best Foreign Play), Wonderful Tennessee, A Month in the Country (i stíl Turgenev), The London Vertigo (i stíl Charles Macklin), Dancing at Lughnasa (a bhuaigh 3 Dhuais Tony lena n-áiritear An Dráma is Fearr, Duais Chiorcal Léirmheastóirí Drámaíocht Nua-Eabhrach don Dráma is Fearr, Duais Olivier don Dráma is Fearr), Making History, The Communication Cord, American Welcome, Three Sisters (i stíl Chekhov), Translations, Aristocrats (a bhuaigh Duais an Evening Standard don Dráma is Fearr agus Duais Chiorcal Léirmheastóirí Drámaíocht Nua-Eabhrach don Dráma Eachtrannach is Fearr), Faith Healer, Fathers and Sons, Living Quarters, Volunteers, The Freedom of the City, The Gentle Island, The Mundy Scheme, Crystal and Fox, Lovers: Winners and Losers, The Loves of Cass Maguire, Philadelphia Here I Come!

Le caoinchead Eastát Brian Friel a cuireadh an bheathaisnéis ar fáil. Grianghrafadóireacht le Bobbie Hanvey, le caoinchead Chartlanna Grianghrafadóireachta Bobbie Hanvey, Coláiste Bhostún.

friel_bobbyhanvey2_web.jpeg
bf_logos_220902a.png
/
Don't anticipate the ending Teagmháil Chruthaitheach le Páipéir Brian Friel

Is cartlann de chartlann é an taispeántas seo; agus dála gach cartlann mhaith, níl aon bhealach ceart chun é a léamh. Lean ort ag cliceáil ar na rudaí a gcuireann tú spéis iontu, agus ná bíodh imní ort má théann tú amú rud beag ar an mbealach. Más mian leat do bhealach ar ais a aimsiú, seiceáil an t-innéacs sa roghchlár. 

Arna chur i láthair i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

bf_logos_220902a.png

Presented in partnership with the National Library of Ireland