Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath

Mar gheall ar an tionscadal

Is tionscnamh daonnachtaí poiblí é Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath, arna mhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ag an gComhairle Eorpach um Thaighde. Tá an tionscadal seo faoi stiúir an Dr Katie Mishler i gcomhar le Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) agus an Lárionad um Anailísíocht Chultúrtha sa Choláiste Ollscoile, agus cothaíonn sé comhoibriú idir scoláirí acadúla agus an earnáil oidhreachta chun bealaí nua rannpháirtíochta poiblí a chruthú. 

Léiríonn comhpháirteanna ilmheáin an  taispeántais an chodarsnacht idir an chathair scríofa mar rud samhlaíoch agus an taithí fhisiceach ar Bhaile Átha Cliath in imeacht ama, a thugann tuiscint ar an spás uirbeach mar phailimseist de shraitheanna ina mbíonn taibhse an ama atá thart i gcónaí i láthair. 

Go háirithe, is é Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath an chéad tionscadal mórscála atá dírithe go huile is go hiomlán ar stair na scríbhneoireachta gotaí uirbí in Éirinn ag leathadh amach ó chathair Bhaile Átha Cliath. Trí oidhreacht nua scríbhneoireachta Éireannaí a chíoradh, léiríonn an tionscadal seo an chaoi a bhfeidhmíonn oidhreacht ghotach an naoú haois déag agus an fichiú haois mar chrann taca faoi litríocht, cultúr agus polaitíocht na linne seo. 

Cuireadh tús leis an tionscadal seo ar 1 Aibreán 2020, laethanta tar éis an chéad dianghlasáil in Éirinn. Is tráthúil féachaint ar ghnéithe geospásúla agus sochpholaitiúla den saothar gotach uirbeach, toisc go dtuigtear faitíos faoi ghaireacht agus faoi ghabhálacht i bhfianaise shrianta sláinte poiblí ré COVID agus an tionchar a bhí acu ar chathracha samhailteacha agus ar fhíorchathracha ina gcónaíonn daoine.

Is le hard-deontas ón gComhairle Eorpach um Thaighde (VICTEUR: European Migrants in the British Imagination: Victorian and Neo-Victorian Culture chomh maith le deontas ó Chomhlachas Comhpháirtíochta Fiontraíochta Iardhochtúireachta na Comhairle um Thaighde in Éirinn, Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath a Mhapáil: 1820-1900 a mhaoinítear an tionscadal seo. Faigheann clár digiteach MoLI tacaíocht ó Ebow, an Ghníomhaireacht Dhigiteach.

Tá an Dr Katie Mishler faoi láthair ina Comhlach Náisiúnta Déarlaice ar son na nDaonnachtaí de chuid Institiúid Keough-Naughton in Ollscoil Notre Dame (2022-3). Ar feadh thionscadal Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath, bhí Comhaltacht Iardhochtúireachta Chomhpháirtíocht Fiontraíochta de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn aici i gcomhar le hArd-Mhúsaem na Litríochta Éireann (MoLI) agus an Lárionad um Anailísíocht Chultúrtha in UCD (2020-2022). Is speisialtóir daonnachta poiblí í, agus ba í an coimeádaí ar thaispeántas MoLI Into the Island: Peig Sayers and the Blasket Island Tradition, agus rinne sí taighde agus chuidigh sí leis an gcoimeád ar thionscadail eile de chuid MoLI lena n-áirítear taispeántas céad bliain Ulysses, Love, Says Bloom. Tá go leor scríofa aici ar James Joyce, Joseph Sheridan Le Fanu, ar an scríbhneoireacht Ghotach, agus ar an gcultúr Gaelach, agus tá monagraf á scríobh aici faoi láthair ar scríbhneoireacht ghotach uirbeach na hÉireann.

Credits

Coimeád Dr Katie Mishler
Treoraí Acadúil An tOllamh Gerardine Meaney
Treo Cruthaitheach An Dr Katie Mishler & Benedict Schlepper-Connolly 
Forbróir Stuart Cusack
Léiritheoirí Fuaime Ian Dunphy & Benedict Schlepper-Connolly
Taifeadaidh, Cur in Eagar agus Meascadh Fuaime Ian Dunphy
Dearadh Fuaime Ian Dunphy
Físeagrafaíocht Ian Dunphy & an Dr Katie Mishler
Grádáil Físe Néstor Romero Clemente
Máistriú Fuaime Seán Mac Erlaine
Cruthaitheach Léarscáil Dracula Iulia Molnar 
Cúntóir Taighde Emma Watkins 
Aistriúchán Clare Rowland
Cúntóirí Léiriúcháin Laura Harvey-Graham, Anthony Nolan, Emer O'Hanlon
Cúntóir Eagarthóireachta John Scanlon
Íomhánna Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann na Comhdhála, an Dr Katie Mishler 

Ár mbuíochas speisialta le John Connolly, Dervla Crotty, Brian Crowley, Sinéad Crowley, An tOllamh Nicholas Daly, Sarah Davis-Goff, Ned Dennehy, Jonny Dillon, An Dr Dara Downey, Michael James Ford, Owlen Fouéré, Domitille Garmy, Dr Noreen Giffney, Vona Groarke, Flora Gusmāo, Seán Hewitt, Constance Keane, Margaret Kelleher, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, An Dr Jason McElligott, Dr Tina Morin, Sarah Moss, Roxanna Nic Liam, Doireann Ní Ghríofa, Liz Nugent, Gillian O’Brien, Simon O’Connor, Oifig na nOibreacha Poiblí, Gráinne O’Kelly, Simeon O’Neill, Ciara Scott, Brian J. Showers, An Dr Sinéad Sturgeon, Ionad an Choláiste Ollscoile um Anailísíocht Chultúrtha, Institiúid Daonnachtaí an Choláiste Ollscoile, agus Sophie White.