Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath

Ghosts of Dublin

Léiríonn an tsraith scannán Ghosts of Dublin aisteoirí, scríbhneoirí agus gníomhaithe na linne seo agus iad ag léamh sleachta ó shaothair atá lárnach d’oidhreacht ghotach na cathrach in áiteanna a bhfuil tábhacht chultúrtha leo.

Nochtann na scannáin seo na taibhsí agus na mistéirí atá i bhfolach faoi shráideanna Bhaile Átha Cliath agus roinneann siad a gcuid tuairimí faoin tionchar atá ag stair liteartha na hÉireann ar pholaitíocht agus ar chultúr na linne seo. Cuireann foirgnimh stairiúla ar nós Phríosún Chill Mhaighneann, Teach Oscar Wilde, agus Teach Newman UCD cúlra atmaisféarach ar fáil do na scéalta corraitheacha seo, ina léirítear an tslí a mbuaileann an t-am atá thart faoin lá atá inniu ann sa troscán nua-aimseartha agus sna taibhsí ó fadó fadó a roinneann na spásanna céanna.

Léiríodh Ghosts of Dublin den chéad uair ag ‘Living Canvas Goes Gothic’ i gcomhar le Féile Bram Stoker de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (2022), agus bhí sé le feiceáil ar RTÉ.

Físeán
Melmoth the Wanderer (1820) le Charles Robert Maturin

Cuirtear tús le scéal rómánsach gotach Charles Maturin Melmoth the Wanderer (1820) nuair a ghlaoitear ar John Melmoth a chuid leabhar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun dul go leaba báis a uncail i gCill Mhantáin. Ó shraith scéalta scoilte, foghlaimíonn Melmoth scéal an tsinsir aistigh seo a bhí aige, fear ar a dtugtar ‘The Wanderer’. 

Tar éis dó dul isteach i gcomhaontú diabhlaí, tá An Wanderer tar éis a anam síoraí a mhalartú ar rochtain ar eolas toirmiscthe, agus taistealaíonn sé ar fud na cruinne ar thóir íospartaigh a mheallfar, nuair a bheidh sé cráite agus imithe ó dhóchas, chun áit a mhalartú leis an duine mallaithe seo chun fur féidir leis éalú ón gcruchás ina bhfuil sé. 

Arna chur i láthair ag an aisteoir Olwen Fouéré, Tugann The Wanderer cuairt ar Shasanach, Stanton, atá faoi choinneáil i dteach na ngealt de bhrí go raibh sé róthógtha le Melmoth ina riocht osnádúrtha. Rinneadh an píosa seo a scannánú i Seomra an Easpaig i MoLI atá lán atmaisféir agus ina bhfuil leabharlann ón naoú haois déag. Fiafraíonn na leabhair, a choinnítear i gcás faoi ghlas: cén praghas atá ar eolas?

Físeán
‘The Judge’s House’ (1891) le Bram Stoker

Insíonn scéal ‘The Judge’s House’ (1891) le Bram Stoker an meath a thagann de réir a chéile ar Malcolm Malcolmson. Agus é ar thóir teach ciúin aonraithe ar cíos ina bhféadfadh sé staidéar a dhéanamh dá scrúduithe, tógann Malcolmson teach mór Seacaibíteach ar léas, a ndeirtear a bhfuil taibhse de bhreitheamh neamhthrócaireach iomráiteach ann. Gach oíche, cuireann scréacha ó fhrancaigh agus ó lucha isteach ar a chuid staidéir, agus cuireann francach ollmhór, a bhaineann lán na súl as go díoltasach, isteach go mór air. Léiríonn an t-aisteoir Ned Dennehy an nóiméad a dtagann anam i bportráid thaibhsiúil an bhreithimh, agus a dtugann Malcolmson aghaidh ar a bhreithiúnas deiridh. 

Rinneadh an píosa seo a scannánú i dTeach Newman stairiúil MoLI. Bhíodh cónaí ar an mBreitheamh Nicholas Ball sa teach nuair ba theach do theaghlach amháin é; is maith don fhoireann nach mbíonn sé le brath sa bhforhalla ornáideach, mar a gcuireadh sé fáilte roimh aíonna, tráth. 

Tá an scéal seo bunaithe go scaoilte ar ‘An Account of Some Strange Disturbances in Aungier Street’ (1851) le Joseph Sheridan Le Fanu, a d’athscríobh agus a d’fhoilsigh Le Fanu níos déanaí mar ‘Mr Justice Harbottle’ (1872). 

Físeán
‘The Prisoner’ as Earthbound (1924) le Dorothy Macardle

Taithí Liam Daly is ábhar don scéal, príosúnach polaitiúil ficseanúil le linn Chogadh Saoirse na hÉireann, a insíonn scéal a stailc ocrais i bPríosún Chill Mhaighneann. 

An t-aisteoir Roxanna Nic Liam a chuireann an scéal seo láthair. Labhraíonn Daly le taibhse fir óig a cuireadh i bpríosún le linn Éirí Amach 1798. Spreagann an feic seo Daly chun troid le teacht slán agus chun an fhírinne a insint: nár fheall an fear óg ar a cheannaire, an Tiarna Edward. Déantar tagairt i línte deiridh an scéil do rian fisiceach den stair, inscríbhinn atá le léamh i gcónaí i bPríosún Chill Mhaighneann áit ar scannánaíodh an mhír seo. 

Le linn Chogadh Cathartha na hÉireann, cuireadh Dorothy Macardle i bpríosún le roinnt ban Poblachtach eile, agus chuaigh go leor acu ar stailc ocrais chun agóid a dhéanamh faoina gcoinníollacha maireachtála neamhshláintiúla. Tríd an graifítí seo a chur isteach sa scéal, atá le feiceáil ag deireadh an scannáin, chomh maith le taibhse d’Éireannach Aontaithe, léirionn Macardle go dtuigeann sí go raibh sí ag cruthú na staire. Ba le linn di a bheith i ngéibheann i bPríosún Chill Mhaighneann i 1923 a scríobh sí an scéal seo.

Físeán
The Picture of Dorian Gray (1891) le Oscar Wilde

Tá cáil ar sárshaothar gotach Oscar Wilde The Picture of Dorian Gray (1891) as an bportráíd thaibhsiúil atá i bhfolach in áiléar ann. Sa sliocht seo, tugann Dorian faoi deara den chéad uair go bhfuil sé féin gan athrú go fisiciúil, ach go bhfuil a ghníomhartha cruálacha tar éis áilleacht neamhurchóideach a phortráide a mhilleadh. Déanann sé machnamh ar a theacht in inmhe mar fhear i bhfianaise na fealsúnachta ó thaithí atá glactha aige le déanaí: a shaol a shamhlú mar shaothar ealaíne. Is ball é d’uasaicme Londain, agus téann sé sa tóir ar phléisiúir thoirmiscthe na cathrach trí thaiscéaladh a dhéanamh ar imeall casta fíorbhocht an Taobh Thiar. 

Taifeadadh an giota seo, arna léamh ag an bhfile William Keohane, ag 1 Cearnóg Mhuirfean, an teach cathrach Seoirseach inar tógadh Wilde. Tá busanna agus coisithe na cathrach nua-aimseartha le feiceáil sa chúlra. Bhí ról tábhachtach ag an teach seo i gcultúr liteartha Bhaile Átha Cliath sa naoú haois déag mar shuíomh na salons cáiliúla a bhíodh ag an mBantiarna Jane ‘Sperenza’ Wilde, ar ar fhreastail ealaíontóirí agus scríbhneoirí, Bram Stoker ina measc.