Saothair Ghotacha
Bhaile Átha Cliath

Oidhreacht liteartha taibhsiúil na cathrach seo

Braitheann an litríocht ghotach, thar aon seánra eile, b’fhéidir, ar áit agus ar spás a bheith ar fáil chun an bhraistint chontúirte agus an fhaitís a shamhlaítear leis a chruthú. Is leor díoscarnach i gcéim staighre, nó macalla de choiscéimeanna, chun drithlíní na sceimhle a spreagadh. 

Tá áit agus spás lárnach i scríbhneoireacht ghotach na hÉireann, a shamhlaítear go minic le heastáit tuaithe atá ag titim as a chéile, a léiríonn deireadh ré na nAngla-Éireannach in Éirinn. Ach is éard atá faoi chaibidil sa taispeántas seo, atá á choimeád ag an Dr Katie Mishler, ná an méid a chuir scríbhneoirí Éireannacha le traidisiún eile de scríbhneoireacht ghotach Bhaile Átha Cliath. Tá na scríbhneoirí a scrúdaítear sa taispeántas seo tar éis taibhsí, vaimpírí agus uafáis neamh-mharbha eile a scaoileadh isteach i dtimpeallacht na cathrach. 

D’eascair an taispeántas seo as Comhaltacht Iardhochtúireachta na Comhairle um Thaighde in Éirinn a bronnadh ar an Dr Mishler, Baile Átha Cliath Gotach a Mhapáil: 1820-1900. Tá an taispeántas á léiriú le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ón gComhairle Eorpach um Thaighde.

Charles Maturin (1780-1824)

I mBaile Átha Cliath a rugadh Charles Maturin ar 25 Meán Fómhair 1780. Ba Húgánaigh a mhuintir a theith ón Fhrainc tar éis chúlghairm Fhorógra Nantes (1685). Ba chéimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é, agus ceapadh é ina shagart i Séipéal Naomh Peadar, Sráid Aungier, sa bhliain 1806.

Ar dtús thug Maturin faoin scríbhneoireacht chun cur lena thuarastal beag mar shagart, cé gur chuir a cháil mar scríbhneoir ait de scéalta rómánsacha bac air ó ardú céime a fháil laistigh den Eaglais. Bhí cáil air as a gháifeacht ghinearálta, a éadaí áiféiseacha, agus a ghrá don rince, fiú faoi sholas an lae. 

Léiríonn a shaothar an t-aistriú ón rómánsabíocht ghotach go scríbhneoireacht ghotach na linne seo. Is dá úrscéal Melmoth the Wanderer (1820), a leagan de mhargadh Faust, is fearr cuimhne ar Maturin. Líomhnaítear gur chum sé an t-úrscéal seo agus arán comaoineach greamaithe dá bhaithis mar chomhartha do dhaoine eile gan cur isteach air. Fuair ​​Maturin bás de ródháileog ládanaim ar 30 Deireadh Fómhair 1824 ina theach cónaithe ag 37 Sráid Eabhrac, agus cuireadh i Reilig Naomh Peadar é.

Drawing of Charles Maturin
Físeán
Ghosts of Dublin: Melmoth the Wanderer

Cuirtear tús le scéal rómánsach gotach Charles Maturin Melmoth the Wanderer (1820) nuair a ghlaoitear ar John Melmoth a chuid leabhar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun dul go leaba báis a uncail i gCill Mhantáin. Arna chur i láthair ag Olwen Fouéré. (tuilleadh sa tsraith seo)

Fuaime
Podchraoladh Gotach Bhaile Átha Cliath: Charles Maturin i Leabharlann Marsh

Cad atá i bpáirt ag sagairt ar maith leo an rince, mumaithe gan chloigeann, agus lámhscríbhinní gioblacha ón séú haois déág a phléann le claonaíocht gnéis? An Dr Katie Mishler i gcomhrá leis an Dr Tina Morin agus an Dr Jason McElligott le fáil amach. (tuilleadh sa tsraith seo)

Sráid Eabhrac, Baile Átha Cliath.

Sráid Eabhrac, Baile Átha Cliath. Níl ann níos mó don teach ar mhair agus ar bhásaigh Charles Maturin ann. 

img_8577_web.png

Aungier Street, Dublin. Charles Maturin was the curate at St Peter's Church, which is now a YMCA.

yorkstmap_web.png

A nineteenth-century map showing St Peter's Church and York Street.

dg-bg-grayscale-2.jpg
Many a month of gloomy unconsciousness rolled over me, without date or notice. One thousand waves may welter over a sunk wreck, and be felt as one.
– Charles Maturin, Melmoth the Wanderer, 1820

Scéal gotach uirbeach

Caisleáin ar chuma na scríbe, manaigh bhithiúnta, ban-oidhrí faoi ghéarleanúint – níl anseo ach roinnt de na cleasa gotacha is so-aitheanta sa litríocht rómánsach. Go bunúsach, is ionann an scéal gotach agus giotaí ón am atá thart a bheith ag briseadh isteach san am i láthair, cuimhní agus trámaí atá brúite faoi chois ag filleadh ar an aigne.

Bhí na scéalta rómánsacha Angla-gotacha ón ochtú haois déag, a raibh tóir ag Horace Walpole, Matthew ‘Monk’ Lewis, agus Anne Radcliffe orthu, suite i gclochair agus i gcaisleáin i gceantair choimhthíocha san imigéin, na heachtraí ag titim amach go sábháilte i dtír i bhfad i gcéin agus i dtréimhse i bhfad siar. Ba é Melmoth the Wanderer (1820) le Charles Maturin an t-úrscéal deiridh de na mór-úrscéalta gotacha sin, cé go gcuireann an fócas ann ar sceimhle síceolaíochta cor nua sa stíl scríbhneoireachta a mhaireann go dtí an lá inniu. 

Ba le linn don daonra a bheith ag méadú agus an tslí mhaireachtála uirbeach a bheith ag éirí níos coitianta le linn réabhlóid thionsclaíoch an naoú haois déag a tháinig an scéal Gotach uirbeach ar an saol. Bhí uafáis na scríbhneoireachta gotaí ag titim amach i bhfad níos gaire don bhaile anois.

maturincropped.png

Sheridan Le Fanu (1814–1873)

Rugadh Joseph Sheridan Le Fanu ar 28 Lúnasa 1814 ag 45 Sráid Dhoiminic Íochtarach, Baile Átha Cliath. Ba d’uaisle na nÚgónach a mhuintir. I 1826 d’aistrigh a mhuintir go Abington, Luimneach, áit a raibh a athair ina mhinistir in Eaglais na hÉireann.

Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an léann clasaiceach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, d’éirigh le Le Fanu i scrúduithe an bharra in 1839, ach níor chleacht sé an dlí riamh. Bhí sé bisiúil mar iriseoir, mar úrscéalaí, mar eagarthóir agus mar scríbhneoir gearrscéalta. I measc na saothar gotach a scríobh sé bhí scéalta taibhsí, mar ‘Green Tea’ (1869) agus ‘The Familiar’ (1872), agus an t-úrscéal mistéire atá suite i seomra glasáilte, Uncle Silas (1864). Scríobh sé Carmilla, an novella vaimpír a spreag Bram Stoker, ina dhiaidh sin i 1872.

As 1856 amach, d’íoc Le Fanu cíos in áras theaghlach a mhná chéile, Susanna Bennett, ag 18 Cearnóg Mhuirfean. Tar éis bás tobann Susanna sa bhliain 1858, chúlaigh Le Fanu as comhluadar daoine de réir a chéile, agus tugadh ‘The Invisible Prince (An Prionsa Dofheicthe)’ air mar gheall ar a annaimhe a d’fheictí é. 

Fuair ​​Le Fanu bás sa bhaile ar 7 Feabhra 1873. Tá sé curtha i Reilig Mount Jerome, Baile Átha Cliath. 

lefanu_web.png
Fuaime
Scéal Taibhsí na Nollag: The Familiar (1872)

Léiríonn James Ford leagan ciorraithe de scéal taibhsí clasaiceach Joseph Sheridan Le Fanu, dar teideal ‘The Familiar’ (1872). (tuilleadh sa tsraith seo)

Fuaime
Podchraoladh Gotach Bhaile Átha Cliath: Síceolaíocht an Uafáis

Sa chlár seo, cuireann an Dr Katie Mishler agallamh ar bheirt a dtaitníonn scéalta uafáis leo, an Dr Noreen Giffney agus Brian J. Showers, faoi shíceolaíocht an uafáis, an tionchar buan atá ag sceimhlí taibhsiúla Joseph Sheridan Le Fanu, agus an fáth a mbainimid sólás as eagla a bheith orainn. (tuilleadh sa tsraith seo)

Gailearaí
70 Cearnóg Mhuirfean
dsc00315_web.png
dsc00316_web.png
dsc00319_web.png
dsc00310_web.png
dsc00313_web.png
dsc00307_web.png
dsc00308_web.png
dsc00323_web.png
dsc00326_web.png
dsc00327_web.png
dsc00330_web.png
dsc00328_web.png
dsc00332_web.png

Spléachadh isteach in iar-theach Joseph Sheridan Le Fanu ar Chearnóg Mhuirfean, áit a bhfuil an Chomhairle Ealaíon anois. Deirtear gur scríobh sé a fhicsean taibhsiúil anseo faoi sholas coinnle.

dg-bg-grayscale-2.jpg
But to die as lovers may – to die together, so that they may live together.
– Sheridan Le Fanu, Carmilla, 1872

Ailtireacht nua den sceimhle

In áit na rudaí ba mhó a ghoil agus a chuir imní ar dhaoine a léiriú i dtréimhse i bhfad siar, mhéadaigh uafás na dtarluithe osnádúrtha nuair a suíodh iad i gcathair sa naoú haois déag. Chuir an fhoirm ghotach nua seo na rudaí a rinne buartha do dhaoine sa saol nua seo in iúl, leithéidí maireachtáil i measc strainséirí, agus na spásanna casta a bhí coitianta i gcathracha agus i gceantair thionsclaíocha, a d’fhág daoine scoite amach ó chéile. 

Cosúil leis na caisleáin agus na clochair thaibhsiúla a bhí coitianta sna leabhair rómánsacha a ghabh rompu, chuir ailtireacht na cathrach go mór leis an mbraistint chontúirte a bhí coitianta sna húrscéalta gotacha. Sna 1840í, scríobh Joseph Sheridanscéalta taibhsí a bhí suite i mBaile Átha Cliath agus i Londain; chuir sé a chuid taibhsí ar bhusanna capaill agus ar thraenacha, agus scaoileadh amach iad ar shráideanna na cathrach. 

Ar ndóigh, fuarthas inspioráid i gcónaí ó neamhshaoltacht na bhfinscéalta Ceilteacha agus ó iargúltacht na tuaithe, agus scríobh  Le Fanu – cosúil le Charles Maturin agus Elizabeth Bowen – úrscéalta faoin ‘teach mór’ a bhí suite in eastáit iargúlta tuaithe na nAngla-Éireannach.

36938784044_73012bc9cf_k.jpg

Radhairc ó dheireadh an naoú haois déag ar lár chathair Bhaile Átha Cliath. Foinse: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

6828772647_3bdc6ab6c5_k.jpg
31402703004_e609bb3a19_k.jpg
john-roque-map-1.jpg

Léarscáil John Rocque de Bhaile Átha Cliath, 1756.

osi-map_web.png

A map of Dublin from 1833.

dublin-1797-loc_web.png

A map of Dublin from 1797 produced by William Laden.

Bram Stoker (1847–1912)

Rugadh Bram Stoker ag 15 Corrán Marino, Baile Átha Cliath ar 8 Samhain 1847. Chaith Stoker na chéad seacht mbliana dá shaol tinn ina leaba, cé nach fios céard a bhí air. Is cosúil gur spreag na blianta seo a shamhlaíocht. D’insíodh a mháthair Charlotte scéalta béaloidis agus scéalta osnádúrtha dó, a bhí bunaithe ar an eipidéim chalair a chonaic sí mar chailín óg i Sligeach. Ba as na scéalta seo a fáisceadh Dracula (1897), scéal faoi thógáil ghalair agus daoine neamh-mharbha trínar tugadh isteach an carachtar is buaine agus is so-aitheanta sa litríocht ghotach.

D’fhreastail Stoker ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sular ceapadh ina státseirbhíseach é i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ionad riaracháin na Breataine. Phós sé Florence Balcome, spéirbhean ar shiúil Oscar Wilde amach léi uair amháin, i 1878 ag Séipéal Naomh Anna, Baile Átha Cliath. An bhliain chéanna, bhog Stoker go Londain chun bheith ina bhainisteoir ar Amharclann Lyceum Henry Irving. 

Bhásaigh ​​Stoker tar éis sraith strócanna ag 26 Cearnóg San Seoirse, Londain ar 20 Aibreán 1912. Tá a luaithreach curtha i gCréamatóiriam Golders Green, Londain.

bramstoker_web.png
Físeán
Ghosts of Dublin: The Judge's House

Insíonn scéal ‘The Judge’s House’ (1891) le Bram Stoker an meath a thagann de réir a chéile ar Malcolm Malcolmson. Arna chur i láthair ag Ned Dennehy. (tuilleadh sa tsraith seo)

Fuaime
Podchraoladh Gotach Bhaile Átha Cliath: Daughters of Dracula

Tugann Dracula Bram Stoker (1897) léargas ar mhná nach luíonn le réasún. An féidir, áfach, go bhfuil oidhreacht fheimineach i gceist ina shaothar? Sa chlár seo, a taifeadadh os comhair lucht féachana beo i Sean-Amharclann Fisice MoLI, cíorann an Dr Katie Mishler an scéal sin le Sarah Davis-Goff, Doireann Ní Ghríofa, agus Sophie White. (tuilleadh sa tsraith seo)

Gailearaí
Whitby
img_7893_web-1666825404.png
img_7896_web-1666825406.png
img_7897_web-1666825409.png
img_7898_web-1666825412.png
img_7899_web-1666825414.png
img_7900_web-1666825417.png
img_7905_web-1666825420.png
img_7906_web-1666825422.png
img_7908_web-1666825425.png
img_7914_web-1666825428.png
img_7916_web-1666825432.png
img_7919_web-1666825435.png
img_7924_web-1666825437.png
img_7925_web-1666825440.png
img_7927_web-1666825444.png
img_7928_web-1666825447.png
img_7930_web-1666825450.png
img_7931_web-1666825452.png
img_7934_web-1666825455.png
img_7936_web-1666825459.png
img_7938_web-1666825461.png
img_7940_web-1666825464.png
img_7941_web-1666825468.png
img_7942_web-1666825471.png