Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath

Podchraoladh Gotach Bhaile Átha Cliath

An mbaineann tú taitneamh as scéalta taibhsí a léamh i d’aonar san oíche? An fhéach tú ar shraith iomlán coireachta riamh, ceann i ndiaidh a chéile? Nó an scaoileann tú leat féin trí fhéachaint ar scannáin uafáis ar nós The Exorcist, nó úrscéalta osnádúrtha Stephen King a léamh? Scrúdaíonn Podchraoladh Gotach Bhaile Átha Cliath oidhreacht thraidisiún litríochta gotaí na hÉireann agus an tslí a mhúnlaíonn imeachtaí atá thart imeachtaí an lae inniu.

Tá an Dr Katie Mishler faoi láthair ina Comhlach Náisiúnta Déarlaice ar son na nDaonnachtaí de chuid Institiúid Keough-Naughton in Ollscoil Notre Dame (2022-3). Ar feadh thionscadal Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath, bhí Comhaltacht Iardhochtúireachta Chomhpháirtíocht Fiontraíochta de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn aici i gcomhar le hArd-Mhúsaem na Litríochta Éireann (MoLI) agus an Lárionad um Anailísíocht Chultúrtha in UCD (2020-2022).

 

Fuaime
Síceolaíocht an Sceimhle

Cén fáth a roghnaímid scíth a ligean trí fhéachaint ar fhíorscéalta coireachta nó iad a léamh, nó scéalta eile a chuireann eagla nó strus orainn? An féidir leis an uafás agus an sceimhe suaimhneas a thabhairt dúinn? In aimsir COVID, géarchéim dhomhanda sláinte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, is díol ioróine go bhfuil tóir againn i gcónaí, mar chultúr, ar scéalta faoin adhfhuafaireacht. Sa chlár seo, tagann an síceanailísí agus an léirmheastóir cultúrtha, an Dr Noreen Giffney, agus an t-eagarthóir Brian J. Showers as Swan River Press le chéile leis an Dr Katie Mishler go cianda chun tionchar buan scríbhneoireacht Joseph Sheridan Le Fanu a phlé, an fáth a bhfaighimid sólás san eagla, agus cibé an mbraithimid an t-uafás mar mhothúchán. 

Fuaime
Charles Maturin i Leabharlann Marsh

Cad atá i bpáirt ag sagairt ar maith leis an rince, mumaithe gan chloigeann, agus lámhscríbhinní giobalacha ón séú haois déág a phléann le claonaíocht gnéis? Sa chlár seo, labhraíonn an Dr Katie Mishler leis an Dr Tina Morin, léachtóir sinsearach le Béarla in Ollscoil Luimnigh, agus leis an Dr Jason McElligott, Stiúrthóir Leabharlann Marsh, Baile Átha Cliath, faoi shárshaothar gotach Charles Maturin Melmoth the Wanderer (1820) agus faoi thaispeántas nua Leabharlann Marsh, Ragged, livid & on fire: The Wanderings of Melmoth at 200. Pléann an painéal cuairteanna Maturin ar Leabharlann Marsh, samhlaíonn siad na leabhair a léigh sé, agus tugann said chun solais rudaí aisteacha a fhaightear laistigh de bhallaí na leabharlainne.

Fuaime
Daughters of Dracula

Tugann Dracula (1897) le Bram Stoker, léargas ar mhná nach luíonn le réasún: ceiliúrtar Mina Harker as a geanmnaíocht agus a hintleacht, agus caitear anuas ar aon bhean, cosúil le Lucy Westerna, a théann ar seachrán ó idéalacha Victeoiriacha na suáilcí agus na banúlachta. An féidir, áfach, go bhfuil oidhreacht fheimineach i gceist ina shaothar? Sa chlár seo, a taifeadadh os comhair lucht féachana beo sa Sean-Amharclann Fisice, MoLI, labhraíonn an Dr Katie Mishler le Sarah Davis-Goff, Doireann Ní Ghríofa, agus Sophie White chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar slí i scríbhneoireacht chomhaimseartha na mban d’arrachtaí gotachta mar thaibhsí, vaimpírí, agus na neamh-mhairbh chun taithí ban ar an gcorp agus ar an ngnéasacht a phlé.

Fuaime
Sarah Moss

Conas a chaith tú an dianghlasáil? Chuaigh Sarah Moss, Ollamh le Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, go tír eile, d’fhoghlaim sí conas scátáil rollála a dhéanamh, agus rith smaoineamh léi d’úrscéal nua. Sa chlár seo, suíonn an Dr Katie Mishler síos leis an úrscéalaí lena saothar nua The Fell (2021) a phlé; sa scéal seo téann trí charachtar i ngleic leis an aonrú tráth go raibh paindéim COVID-19 in ard a réime. Pléann Moss cuid den inspioráid ghotach taobh thiar dá cuid úrscéalta eile, an grá atá aici do Charlotte Brontë, agus an fáth gur staraithe an oiread sin dá scéalaithe.