Saothair Ghotacha Bhaile Átha Cliath

Scéal Taibhsí na Nollag

Is iad na Victeoiriaigh a cheap go leor de thraidisiúin Nollag na linne seo: crainn a mhaisiú, carúil a chanadh, agus bia a roinnt leis an teaghlach. Tá fréamhacha ag na cleachtais seo sa cheiliúradh págánach YuleTide. Traidisiún amháin atá imithe, faraor, le himeacht ama, ná an cleachtas scéalta taibhsí a roinnt ní hamháin ag Samhain, nó Oíche Shamhna, ach níos gaire do ghrianstad an gheimhridh, nuair a bhíonn na laethanta gearr agus na hoícheanta fuar. 

Rinneadh tráchtálú ar scéal taibhsí na Nollag i dtréimhseacháin Victeoiriacha a d’fhoilsíodh eagráin ar leith do shéasúr na Nollag. Foilsíodh ‘Green Tea’ (1869) de chuid Joseph Sheridan Le Fanu in eagrán Nollag Charles Dickens de All the Year Round, agus ‘The Judge’s House’ (1891) le Bram Stoker sa bhliantachán Holly Leaves.

Déanann RadioMoLI an traidisiún dearmadta seo a athbheochan trí scéal taibhsí Nollag a fhoilsiú gach Nollaig. Tugaimid cuireadh duit éisteacht i gcuideachta do chairde agus do mhuintir nó, má tá tú cróga go leor, i d’aonar, agus tú ag siúl trí shráideanna fuara tréigthe do chathrach.

Fuaime
Hertford O'Donnell's Warning

MoLI presents the third annual MoLI Christmas Ghost Story: ‘Hertford O’Donnell’s Warning’ (1867) by Charlotte Riddell, performed by Kathy Rose O’Brien, in an edited and abridged form.

Surgeon Hertford O’Donnell is a rising star at Guy’s Hospital, London, known for his steady hand and unshakeable bravery. In his personal life, however, the eccentric and lonely Irishman has a less than sterling reputation. 

All alone on Christmas Eve, he receives an unexpected visit from Ireland. Estranged from his family for over twelve years, the O’Donnell banshee visits him in his Soho townhouse, bringing tidings of death and retribution for the past. 

Will Hertford O’Donnell survive the night, or does the banshee cry for him? 

Producers   Dr Katie Mishler, Ian Dunphy, Benedict Schlepper-Connolly
Sound   Ian Dunphy
Script   Dr Katie Mishler 
Sound Design Ian Dunphy & Benedict Schlepper-Connolly
Music   Benedict Schlepper-Connolly

This recording has been kindly supported by the European Research Council Victeur project, with thanks to Professor Gerardine Meaney, UCD School of English, Drama and Film and the INSIGHT Centre for Data Analytics. Research for this recording is provided by Dr Katie Mishler, National Endowment for the Humanities Fellow, Keough-Naughton Institute for Irish Studies, University of Notre Dame and Dr Maria Mulvaney, Lecturer, UCD Centre for Cultural Analytics. Visit ghostlyirishfictions.com for more about Dr Maria Mulvaney’s work on the Irish ghost story.

Fuaime
The Demon Lover

Ba é ‘The Demon Lover’ (1945) le Elizabeth Bowen Scéal Taibhsí na Nollag 2021, arna chur i láthair ina iomláine ag Derbhle Crotty.

Filleann Kathleen Bean Drover ar a teach tréigthe, lán deannaigh, in Kensington chun cuid de ghiúirléidí a muintire, giuirléidí atá ligthe i ndearmad, a bhailiú. Tá an scéal suite i Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda agus tá an chathair folamh ar shlí aisteach, mar go bhfuil teaghlaigh cosúil lena ceann féin imithe faoin tuath chun éalú ó bhuamáil an Blitz. Mar sin féin, braitheann Kathleen go bhfuiltear ag faire uirthi, rud a chorraíonn í go mór. Nuair a thagann sí ar litir mistéireach óna hiar-leannán, saighdiúir a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda, faigheann a cuimhní cinn ar an suiríocht ghairid a bhí acu agus ar a mhodh fuar smachtaithe a leannáin an ceann is fearr uirthi.

An magadh cruálach atá sa litir? An rud é seo a chruthaigh Caitlín as a samhlaíocht? Nó níos scanrúla fós, an bhfuil taibhsí óna saoil roimhe seo ag lorg cúitimh san am i láthair? Sa scéal corraitheach scanrúil seo, léiríonn Bowen an mháistreacht atá aici ar fhoirm an scéil taibhsí. 

Arna atáirgeadh le cead ó Curtis Brown Ltd, Londain, thar ceann Sheiceadóirí Liteartha Eastát Elizabeth Bowen. Cóipcheart © Elizabeth Bowen. Arna léiriú ag an Dr Katie Mishler, Ian Dunphy, agus Benedict Schlepper-Connolly do RadioMoLI; ceol le Benedict Schlepper-Connolly; fuaim le Ian Dunphy.  

Fuaime
The Familiar

In 2020, chuir MoLI an taifeadadh seo de scéal Joseph Sheridan Le Fanu ‘The Familiar’ (1872) i láthair sa sean-traidisiún de scéalta taibhsí a insint um Nollaig. Foilsíodh é ar dtús in 1847 mar ‘The Watcher’, agus tá an scéal á chur i láthair anseo ag Michael James Ford i leagan ciorraithe agus curtha in eagar.

Bhí an Captaen Barton tar éis filledh ar Éirinn le déanaí tar éis dó éirí as an gcabhlach i 1794, agus é i gceist aige saol ciúin aonrach a chaitheamh feasta. Cuirtear isteach ar a chuid pleananna, áfach, nuair a leanann slíomadóir neamhfheicthe é tráthnóna amháin trí shráideanna uaigneacha, neamhthógtha Bhaile Átha Cliath san ochtú haois déag. De réir mar a n-éiríonn na coiscéimeanna taibhsiúla níos bagraí, is léir go bhfuil rud éigin faoin slíomadóir seo a chuireann duine éigin eile i gcuimhne dó. 

An éalóidh Barton óna stalcaire, nó an bhfuil a chuid míghníomhartha san am atá caite chun teacht aniar aduaidh air anois? Máistir Victeoiriach Angla-Éireannach ar scéalta mistéire agus osnádúrtha ab ea Joseph Sheridan Le Fanu, agus cothaíonn na himeachtaí sa scéal teannais seo – arna chur i láthair ag Michael James Ford – atmaisféar de sceimhle síceolaíoch in aghaidh cúlra de  shráideanna chathair Bhaile Átha Cliath.

Arna chur in eagar agus arna chiorrú ag an Dr Katie Mishler. Arna léiriú ag an Dr Katie Mishler agus Benedict Schlepper-Connolly do RadioMoLI le taifeadadh breise ó Patrik Åberg.